Mar 7, 2011

Feabhra 2011 Eagrán 152


Eadrainn


Anois Teacht an Earraigh Beidh an Lá ag dul chun síneadh.


Fáilte is fiche roimh Feidhlim, mac álainn a rugadh d’Áine Ní Ríogáin i rith Mhí Eanáir.
Guímid rath agus sonas orthu.
Bád Nua Comhghairdeas le Duncan Harper ar theacht a bháid nua, an Boy Jamie go Cléire. Gura fada buan a leanfaidh sé!

Comhghairdeas le Fintain Ó Donnchú  a fuair scoláireacht luachmhar agus é i mbun staidéir i gColáiste Náisúnta Mara na hÉireann.

Coiste Monaiteoireachta

Tá iarrtha ag an Roinn Gnóthaí Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta go dtoghfar beirt as pobal an oileáin le bheith ar choiste monatóireachta don tseirbhís fharantóireachta. Aon duine go bhfuil suim aige a bheith mar bhall den choiste seo, ba chóir dó a ainm a chur isteach chuig oifig an Comharchumainn roimh 31/03/2011. Cuirfear toghchán ar siúl ansin chun beirt a thoghadh.

The Department of Community Equality and Gaeltacht Affairs have requested that two members of the community be elected to the Ferry Sevice Monitoring Committee. Those interested in serving on this committee can give their name into the Comharchumann office before 31/03/2011. An election will then be organised to select two representatives.

Grúpa Gníomhaíochta Lucht Scoir. Bíonn an grúpa an-ghníomhach i rith na bliana ó thaobh gníomhaíochtaí ealaíne agus ceirde de, Aoíchainteoirí, Turasanna  bliantúla, Dinnéar in aghaidh na coicíse, Cúrsaí Garchabhrach agus Sláinte, Bingo anois is arís ar an Domhnach, agus Cóisir Nollag srl. Toghadh an coiste seo a leanas ag an gcruinniú cinn bliana:

Cathaoirleach:    Eibhlín Uí Lionáin

Rúnaí:                 Nell Kruger

Cisteoir:             Debbie Stone

Na baill eile: Nora Uí Shíocháin, Síle Uí Chéadagáin, Sinéad Fenlon. Jim agus Marie Ó Neill
Oibrí Tacaíochta: Catherine Ryan


Clár Iompair Tuaithe / Clár Forbartha Náisiúnta/ Bus Chléire

Má bhíonn fonn siopadóireachta nó taistil ort tá seirbhís an–áisiúil á reáchtáil ag an gClár Iompair Tuaithe. Féadfaidh tú bus a fháil ó Dhún na Séad go dtí an Sciobairín ar an gCéadaoin ag 10rn . Tá an tseirbhís seo thar a bheith áisiúil agus níl costas ard uirthi. Tá €4.00 ar thuras singil ach tá sé saor do shealbhóirí pas saorthaistil.
As seo amach beidh an bus ag freastal ar Bheanntraí ar an gcéad Aoine de gach mí. Fágfaidh sé Dún na Séad ag a 10.00rn agus fillfidh sé in am do bhád 5.30in.
Tá fáilte roimh chách úsáid a bhaint as an tseirbhís seo.
Táille: €6.00 ar thuras fillte agus €4.00 ar thuras singil €4.00
Má tá aon cheist agat cuir glaoch ar an uimhir seo 086/3836759.


Cúrsaí agus ranganna: Cúrsa Potaireachta: Beidh cúrsa potaireachta ar siúl le maoiniú ó Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí.  Gach eolas ó Catherine ag 028/39195
Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Dé Céadaoin ar 7.30in  Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.  
Ranganna seite gach oíche Dé Luain ag 8.00. Is é Micheál Ó Drisceoil atá ina theagascóir. Táille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche 
Nóta Ó Rose
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ar a 8.00in
Seisiúin Pilates, reifléacseolaíochta agus suaimhnis ar fáil do gach leibhéal. Fáilte roimh chách.
Teagasc príobháideach ar fáil  
Gach eolas ó Rose on 089 412 9556.

Ceol agus amhránaíocht le Fiachra Ó Torna agus Róisín Uí Thorna, arna maoiniú ag Údaras na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta. Gach eolas ó Róisín ag 086/6047989 nó ó Fhiachra ag 087/2581529
Más mian leat an halla a chur in airithe d’ócáid / rang nó rochtain a fháil ar an halla déan teagmháil le John Kelly ag 028/39190/083/3997087

Grúpa na gcrann

Tá buíochas tuillte acu siúd ar fad a ghlac páirt sa mheitheal ar Dé Sathairn 26 Feabhra chun níos mó crainn a phlandáil i limistéir Na gCnoicíní. Tá an obair ullmhúcháin déanta ag John Kelly thar an Geimhreadh le haghaidh na gcrann agus tá cosáin nua á ndéanamh. Is léir go bhfuil áis nua á forbairt anseo do phobal an Oileáin agus do chuairteoirí.

An Bád Farantóireachta Nua

Tá sé beartaithe an bád farantóireachta buan nua, an Dún an Óir II a aistriú ó dheas an tseachtain dár críoch Dé hAoine 11 Márta. Má théann gach rud dé réir plean beidh sí linn an tráthnóna sin ach d’fhéadadh sé a bheith cúpla lá roimhe sin nó ina dhiaidh sin ag brath ar aimsir.
Roghnaíodh an ainm nua mar thagairt don dún cáiliúil i gCléire, go raibh bád a bhí sa tseirbhís farantóireachta roimhe seo ainmnithe dá réir. Ina theannta sin atá ‘Óir’ ag teacht le hainm an bháid eile atá sa tseirbhís seo, an Cailín Óir.

Bainisteoir Nua

Cuirtear fáilte roimh an Bhainisteoir nua, Máirtín Ó Méalóid agus fágtar slán le Micheál Ó Céadagáin atá tar éis seirbhís dhílis a thabhairt don Oileán agus don gComharchumann le linn a shaoil ar fad go dtí seo. Níl trácht ar an dua a chaith Micheál le hobair an Chomharchumainn le blianta fada agus rinne sé a sheacht ndícheall i gcónaí chun leas an phobail a chur chun chinn. Is mó gradam atá bainte amach aige agus iad ar fad tuillte go maith aige. Gan dabht ní fada  uainn an lá go mbeimid ar brath ar chabhair agus ar chomhairle uaidh sna blianta atá romhainn amach.

Leabharlann

Mar an gcéanna beimid ag fágáil slán le Síle Uí Cheadagáin ón Leabharlann go luath agus braithfimid uainn go mór í. Ón lá gur ghlac sí an post seo ní raibh aon leisce uirthi gach deis a thapadh chun an leabharlann a chur chun cinn, seirbhís níos fear a sholáthar i ngach réimse, a bheith cruthaitheach agus dúthrachtach faoi fhreastal ar riachtanais pobal na leabharlainne agus a bheith foighneach agus cneasta le paistí an Oileáin a bhaineann tairbhe agus sult as an tseirbhís iontach seo. Guimíd gach rath agus sonas uirthi san blianta atá roimpi.
Club Cléire
Tá Seán agus Pádraig Ó Drisceoil go dícheallach ag obair le tamall anuas chun athmhaisiú iomlán a dhéanamh ar na leithrisí sa Chlub. A bhuíochas le Sally coimeádadh riocht maith orthu an samhradh seo caite agus beimid ag iarraidh an caighdeán ard céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn amach.
Tuairsc ón Bhainisteoir
Tá mé ag socrú isteach i mo phost nua mar Bhainisteoir. Tuigim gur freagracht mhór í a bheith ag bainistiú an Chomharchumainn ar son an phobail agus déanfaidh mé mo dhícheall Cléire a fhorbairt agus leibhéal na seirbhísí a chuirtear ar fáil a choimeád i bhfianaise na gciorraithe ar mhaoiniú agus ar chaiteachas.
Guím gach rath ar Mhicheál Ó Céadagáin a bhfuil obair as an ghnáth déanta aige ar son an Oileáin. Tá Micheál aitheanta amuigh san saol mór mar dhuine a bhfuil sárobair déanta aige ar mhaithe le stádas na n-Oileán agus pobal na Gaeltachta. Go n-éirí le Micheál agus Síle sna todhchaí, bainfidh muid oíche astu go luath!
D’fhreastal mé ar chruinniú sa Ghaillimh le déanaí a d’eagair CONCOS. Bhí plé suntasach ar thodhchaí na gColáistí Samhraidh. Thug mé le fios an tábhacht a bhaineann leis an dá Choláiste i gCléire do saol agus eacnamaíocht an oileáin. D’aontaigh an cruinniú go gcuirfí toscaireacht chuig an rialtas nua-thofa chun cás láidir a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Beidh lá oscailte ag an gComharchumann i mí Aibreán chun seans a thabhairt don bpobal tuiscint níos fearr a fháil ar an tslí ina bhfeidhmíonn rudaí ó lá go lá. Fógrófar é seo nuair atá na socraithe cuí déanta.
Reáchtáilfear cruinniú poiblí chun ábhair éagsúla a phlé, tabharfar seans don bpobal tuairimí a nochtadh ar thodhchaí an Oileáin. Déanfar plé ar thodhchaí na Gaeilge i gCléire i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliana atá foilsithe. Tabharfar cuireadh d’fheidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta a bheith i láthair.

Jan 16, 2011


 The Eadrainn in Irish follows this explanation of why we have made it available on-line:

Cape Clear December 2010  -  A rare snowy scene.


Cape Clear is a Gaeltacht (Irish Speaking) area and we are rightly proud of this but, from an holistic standpoint, we have long recognised that we need to do more to ensure our outpourings are as inclusive as we can make them, and perhaps, go a little way towards helping the less fluent Irish speaker among us gain an improved understanding of our beautiful language.  Some members of our community are not fluent enough to enjoy the Eadrainn in its entirety; this blog has been created to help them through their learning curve but we hope too that it will be enjoyed by the whole of our community.





We also know that neighbour will continue to help neighbour with the occasional ad hoc session where the Eadrainn can be read with the aim of gaining further improvement in language skills.

The thing to note is that the ability to improve has to lie with the student rather than the 'teacher' ...if the desire is there the achievement will surely follow!

Check out our useful  links for some excellent language courses on Cape Clear.

Final note: If you do choose to use Google it will try to translate this preamble into English but as it is already in English the result is entertaining.

Dec 31, 2010


Eadrainn

 Nollaig 2010                                                                                             Eagrán 151

Beannachtaí na hathbhliana oraibh go léir.

Bhí Nollaig mhór mhaith againn  i mbliana dá ainneoin na ndroch scéalta ar an nuacht! Rinne coiste an pharóiste sárobair chun an tséipéal a mhaisiú.  Bhí atmaisféar álainn ann leis na coinnle, na bláthanna agus an mainséar ina ábhar iontais ag cách. Chuir ceol agus amhránaíocht an chóir go mór leis an liotúirge. Caithfimid ardmholadh agus ár míle buíochas a ghabháil leis an tAth.Ó Chaollaí a tháinig chugainn gan teip in ainneoin na drochaimsire agus na bóithre sleamhna. Spiorad na Nollag beo beathach i measc na nóg, tháinig Daidí na Nollag ar chuairt chuig na leanaí agus de réir dealraimh bhí siad uile an-mhaith ar fad i rith na bliana agus fuair said neart bronntanas. Bhuail an  droch aimsir an Oileán go dona i mbliana le siochán agus sneachta ag luí ar an talamh agus iad reoite ina meanglam cruaite. Chuir an droch aimisir anseo agus ar an mórthír isteach go mór ar dhaoine ach ar an lámh eile tháinig daoine i gcabhair ar a chéile chun na deachtachtaí a shárú. Bhí meitheal daoine thíos ar an gcé le tarracóirí agus hi-lux agus 4x4 ag bailiú boscaí agus paisinéirí agus á seachadadh ar fud an oileáin do dhaoine ná raibh ar an gcumas taisteal. Léirigh sé spiorad na Nollag comh céanna le maisiúcháin agus bronntanais.
An Dreoilín




Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan,
Is mór é a mhuirín, is beag é féin.
Bhí an Dreoilín níos fearr ná riamh i mbliana le ceol den scoth. Bhí sé thar barr agus d’ardaigh sé ar gcroíthe an slua gealgháireach, gléasta suas ag canadh agus ag seinnt a fheiscint chugainn arís.  Bailíodh, €375 don Cumann Naomh Uinseann de Pól.

Cóisir na Nollag. Bhí cóisir na Nollag ar siúl ar an 11/12/10 sa Chlub. Bhí slua mór ann agus bhaineadar go léir an taitneamh as an ócáid. Míle buíochas le Niall agus foireann An Siopa Beag/Bialann Seán Rua don béile blasta agus do Joe ?? don cheol álainn, do choiste Ghrúpa Gníomhach Lucht Scóir do na duaiseanna a chuir siad ar fáil don crannchur. Bhí an Club maisithe go hálainn don ócáid agus don Nollag, agus chuir sé go mór leis an ócáid. Míle buíochas do Tommy agus choiste an Chlub.

Cuairt Daidí na Nollag  Reáchtáladh ócáid álainn taitneamhach do na paistí óga agus na paistí beagán níos sinne ar an Satharn 18ú i gClub Chléire. Deirtear go raibh mála mór ag Daidí na Nollag agus bhí sé ana- flaithiúil.
Gealltanas Pósta     
Comhghairdeas le Conchubhair Flór Ó Donnchú  agus Aoife.   Guímid rath agus sonas orthu.

Seirbhís Farantóireachta Chléire



Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha T.D., go bhfuil socrú déanta ag a Roinn an conradh i gcomhar seirbhís farantóireachta Oileán Chléire i gCo. Chorcaí a bhronnadh ar an gcomhlacht Thar Tonn Teo. Beidh an conradh ag teacht i bhfeidhm ar 1 Feabhra 2011 agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh ocht mbliana go dtí 31 Eanáir 2019. Is é €2.65m luach iomlán an chonartha.
Is é an bád ‘Island Princess’ a bheidh in úsáid mar phríomh-shoitheach don tseirbhís ó lár mhí an Mhárta 2011 ar aghaidh. Bainfear úsáid as an mbád ‘Tranquility’ idir an dá linn. Tá síneadh míosa curtha leis an gconradh reatha go dtí go dtiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm.
Tá an conradh seo bronnta mar thoradh ar phróiseas iomaíoch tairisceana a thionscain an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Agus é ag fógairt bhronnadh an chonartha, dúirt an tAire “Tá mé an-sásta go bhfuil socrú fadtéarmach curtha i bhfeidhm chun seirbhís farantóireachta do mhuintir Oileán Chléire a chinntiú ar feadh na mblianta amach romhainn agus guím gach rath ar an tseirbhís nua.”
Snámh agus Tráth na gCceist – Lá Coille – Ar son Haiti
Deantear comhghairdeachas le Niamh Ní Drisceoil, Diarmuid Ó Céadagáin agus Treasa Ní Céadagáin a chuaigh ag snámh i dTrá Ciarain Lá Coille d’fhonn airgead a bhailiu le haghaidh Haiti. Reachtáladh tráth na gcesit an trathnóna céanna sa Chlub agus bailíodh níos mó ná €300 sa dá iarracht seo, a bhuíochas le gach éinne a chabhraigh in aon slí.
Céad Fáilte go Cléire
Le Tomás Searraigh ó Inis Óirr a bheidh ag mairnéalacht sa Tranquility le linn di bheith ar seirbhís san Oileán.
Bainisteoir Nua
Tá Bainisteoir nua arna earcú don Comharchumann faoi láthair agus guimíd gach rath ar pé a thagann I gcomharbha ar Mhicheál Ó Céadagáin agus guimíd gach rath agus sonas ar Mhichíl ata ar dul ar scor tar éis a saol ar fad a chaitheamh ag saothrú ar son an Oileáin.
Halla Glas


Tá cruth brea ar an Halla Glas arís tar éis athchóirithe, díon agus fuinneoga nua, fallaí peintáilte. Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Pharóiste an foirgneamh a chur ar leas mar ionad storala.

Billeog Nua dos na hOileáin in Iarthair Chorcaí.
Tá billeog eolais nua faoi na hOileáin in Iarthair Chorcaí foilsithe ag Comharchumann Chléire Teo, SIDS agus Grupa Tionscnaimh Oileán Bheara le tacaiocht ó Fáilte Ireland. Glachtar buiochas leis na gnóanna ar fad a rinne páirt mhaoiniu ar an bhfoilseachán seo. Tá sé fior thábhachtach san am atá ann gach ní gur féidir a dheanamh chun an tOileán a chur chun chinn i réimse na turasóireachta.

Cruinniú Cinn Bliana an Chomharchumainn
Tionóladh cruinniú cinn bhliana an Chomharchumainn ar an Aoine, 06ú de Mhí na Samhna, i gColáiste Phobal Chléire. Bhí slua réasúnta mór i láthair agus bhíodar sásta leis an dul chun cinn a rinneadh ar an bplean forbartha atá i bhfeidhm le roinnt blianta anuas..
Seo a leanas an Cóiste a toghadh ag an gcruinniú
Micheál Ó Céadagáin: Bainisteoir an Chomharchumainn
Cathaoirleach:              Mairtín Ó Méalóid            
Leas Chathaoirleach:   Judy McCann.
Rúnaí:                                Niamh Ní Dhrisceoil.
Cisteoir                         Seán Ó Drisceoil
Coiste:
Tommy Cadogan, Fachtna Ó Drisceoil agus Catherine Ryan

Fáilte
Cuirimid fáilte roimh Anthony agus Kirsty Affleck agus a clann Megan, Freya, agus Chayenne a tháinig chugainn roimh  an Nollaig  agus atá ag fanacht i dtigh Bridgie sa Gleann. Guímid gach rath agus sonas orthu.
 Gníomhaíochtaí iarnóin sa Chlub. Míle Buíochas do choiste Ghrúpa Gníomhacha Lucht Scor a d’eagair imeachtaí iarnóna Domhnach i rith na Nollag.  An chéad Domhnach bhí  Bingo an dara ceann bhí  Tráth na gCeist ann, an tríú ceann bhí  Maisiúcháin na Nollag agus an ceathrú Domhnach bhí ceol agus amhránaíocht agus an crannchur don Ciseán mór Nollag agus duiseanna eile Bhain gach duine idir óg agus aosta an taitneamh as na tráthnóntaí taitneamhacha.


Nóta Ó Shíle Uí Chéadagain.
Ba mhaith le Síle buíochas a ghabháil le gach duine a thug airgead don bailiúchán do thaighde ar Ailse don Ospidéal na Trócaire, Corcaigh roimh an Nollaig.  Bailíodh €san iomlán.

Cruinniú Cinn Bliana: Grúpa Ghníomhaíochta Lucht Scor
Tionólfar Cruinniú Cinn Bliana Ghrúpa Ghníomhaíochta Lucht Scor  deireadh Mhí Eanair Fáilte roimh gach éinne.

Comhghairdeas le  Chuck Kruger ar fhoilsiú a chnuasach úr dánta Island Alchemy. Ba é John Minihan an grianghrafadóir iomráiteach a sheol an cnuasach ar an Deardaoin san Ionad Éalaíona sa Sciobairín. Tá móramh na ndánta bainteach le Cléire no leis an gceantar maguaird. Tá togra eile idir lámha faoi láthair leabhar eile de ghriangrafanna an Oileáin móide píosa scriobhta faoi Oileán le Chuck a fhoilsiú i mbliana. Beidh sé seo á fhoilsiú ag an gComharchumann.


Nóta ón Leabharlann:
Tá dréacht den Tuaraisc um an gComhshaol agus an Ceantar Áitiúil ar fáil sa leabharlann. Féadfar aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na doiciméid anonn go dtí an 12 Éanair 2011..

Cartaí Eolais
Tá cártaí eolais le huimhreacha gutháin i gcás práinne ar fáil ó  Oifig an Chomharchumainn.

Ranganna agus Imeachtaí Sóisialta don Gheimhreadh gColáiste Phobal Chléire  
Cúrsa Potaireachta: Beidh cúrsa potaireachta ar siúl le maoiniú ó Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí.  Is í Catherine Ryan a bheidh in a teagascóir.  Beidh an cead seisiún ag tosú i lár Mhí Eanáir. Gach eolas ó Catherine ag 028/39195

Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Chéadaoin ar 7.30in ag tosú 13ú Deireadh Fómhair 
Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.  
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ag a 8.00in Gach eolas ó Rose 
Ranganna seite gach oíche Dé  Máirt ag 8.00 .Is é Micheál Ó Drisceoil a bheidh ina theagascóir 
Taille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche 
Más mian leat an halla a chur in airithe d’ócáid / rang nó rochtain a fháil ar an halla déan teagmháil le John Kelly  ag 028/39190/083/3997087

Coláiste Phobal Chléire   Tá áiteanna ag an Coláiste do scoláirí do chúrsaí Iúil agus Lúnasa,
Cúrsa ullmhúcháin i gcomhair na hArdteistiméireachta, Cúrsaí d’oidí a d’oileadh thar lear (ullmhúchán i gcomhair Scrúdú Cáilíochta na Gaeilge)
Dianchúrsa ullmhúcháin i gcomhair scrúdú béil na hArdteistiméireachta - Gaeilge sa Sciobairín, Sos Lár-Théarma Dé Máirt 22ú Feabhra.

Oct 30, 2010


        Eadrainn
 Deireadh Fómhair 2010                                                                     Eagrán 156
  

Éiníní an Fhómhair!
Bhí an áit beo le héiníní le tamall anuas. An 18 de mhí Mheán Fómhair bhí Iolar Mara anseo. Seo iad na héiníní atá á thabhairt isteach sa tír arís agus is léir go bhfuil ag éirí leo más anseo timpeall atá siad le feiscint, tá na héiníní seo á dtógáil i gCiarraí agus i nDún na nGall. Bhí lucht faire na n-éan ar bís faoin méid a bhfaca siad anseo le tamall anuas. Chonacthas ceolaire bhuíphrompach as Méiriceá . Is éan é an ceolaire bhuíphrompach a mhaireann i Meiriceá agus Meicsiceo, caitheann sé an geimhreadh sa Mhuir Chairib agus go hannamh téann sé chomh fada le Sasana agus an Íoslann. Éinín é a thuirling anseo go minic sna blianta a chuaigh thart. Bhí cuilire alabhreac ann leis mar aon le scréachóg reilige, agus scréachán droimrua; an t-éan ba iomráití ab ea an t-eireaball gorm - rua-eiteach. Chonacthas an fabhcún coille leis. Is éan é an fabhcún a chaitheann an geimhreadh san Afraic agus is éan creiche é a mhaireann ar éiníní beaga agus ialtóga chomh maith le ciaróga agus snáthaidí móra.
Ba thuar dóchais é an scréachóg reilige a fheiscint anseo. Tá líon na n-éan seo tithe i léig go mór in Éirinn. Meastar nach bhfuil níos mó ná 130 péire sa tír ar fad. Creidtear gur tháinig an laghdú tubaisteach ar líon na n-éan de thoradh ar dhian-fheirmeoireacht agus cineálacha éagsúla creimiricídí.  Tá an Roinn Talmhaíochta I gcomhpháirt le UCC ag obair le chéile chun breis eolais a bhailiú faoi na héin seo agus na gnáthóga is fearr leo.
Tá ard moladh ag dul go dtí Steve agus Mary a chuireann an chuid cúrsaí ar siúl i rith na bliana agus don fáilte mhór a chuireann siad roimh na cuairteoirí agus tá siad lán sásta eolas faoi na héin agus na háiteanna is fearr chun na h-éin a d’fhéiscint a roinnt le aon chuairteoir a thagann tríd an doras chucu. Gan dabht cabhraíonn sé go mór leis an tséasúir turasóireachta a leathnú agus cuireann sé le geilleagar na háite ar bhealach nach ndéanann damaiste don timpeallacht.

Oscailt Oifigiúil:  Bhí oscailt oifigiúil don togra  grianghrafadóireachta  a bhí ar siúl ag paistí Chléire ar an 27ú  Mean Fómhair i gColáiste Phobal Chléire . Ba é Eoin Ó Connaill a bhí ina aisitheoir ar an togra. Comhghairdeas leis na grianghrafadóirí óga  agus foireann  agus coiste Tír na Spraoi.
Ranganna agus Imeachtaí Sóisialta don Gheimhreadh gColáiste Phobal Chléire  
Seisiún Cultúrtha trí Gailge : Amhráin, filíocht, Litríocht, agus Béaloideas  
Seisiún 6 seachtaine  
Táille: Caithfidh na rannpháirte an táille €45.00 a íoc in Oifig an Chomharchumann roimh thosach an chúrsa.  
Cúrsa Potaireachta gach eolas Ó Catherine ag 028/39195   
Tá an cúrsa potaireachta  maoinaithe ag Coiste Ghairm Oideachais Co. Chorcaí 
Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Chéadaoin ar 7.30in ag tosú 13ú Deireadh Fómhair 
Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.  
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ag a 8.00in Gach eolas ó Rose 
Ranganna seite gach oíche Dé Luain ag tosú ar an  11 Deireadh Fómhair ag 8.00 .Is é Micheál Ó Drisceoil a bheidh ina theagascóir 
Taille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche 
Nuacht ó Grupa Gníomhaíochta Lucht Scoir

Bí rannpháirteach in imeachtaí an Domhnaigh sa Chlub
ó 3.30 -5.30in
7ú Samhain, tráth na gceist/ table quiz ‘Christmas special’
21ú Samhain/ maisiúcháin na Nollag/  making Christmas wreath & candle decoration
6ú Nollaig  ceol agus tarrac na Nollag /music & Christmas draw
Fáilte roimh chách
Cruinniú Speisialta Ginearalta agus Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn
Reachtálach cruinniu speisilailta ginearalta den Comharchumann ar an Deardaoine 28 Deireadh Fómhair chun cinneadh a dheanamh ar bhunreacht nua molta ag ICOS agus Údaras na Gaeltachta. Bhí tinreamh maith i láthair agus bhi diaspóireacht fuinniuil bríomhar agus tar éis na cainte ar fad bhótáil an chruinniú go soiléir bhun an bhunreacht nua a chur i bhfeidmh gan mhoill.
Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn
Reachtáladh é seo an oíche céanna leis an CSG de réir an bhunreacht nua agus toghadh coiste de seisear, Fachtna Ó Drisceoil, Seán Ó Drisceoil, Tommy Cadogan, Niamh Ní Drisceoil, Catherine Ryan agus Judy Mc Cann. Fanfaidh Mairtín Ó Mealóid mar Runaí gan stádas ball iomlan den Choiste. Tá sé faoin Coiste nua duine amháin eile a ainmniú ag an chéad cruinniu coiste. Thug Micheál Ó Ceadagáin a tuairisc deireanach mar Bhainisteoir an Chomharchumainn agus labhair sé beagán níos faide mar is gnáth ag trácth ar an daichead bliain atá caite aige ag saothrú don Chomharchumann i slite éagsula agus gan thar 10 cruinniú coiste caillte aige sa tréimhse sin ar fad. Nuair a bhí an chainte críochnaithe aige sheas an slua a bhí i láthair chun buladh bois fuinniúil a thabhair dó. De réir na cuntais don bhliain 2009 tá iarmhéid de €20,542 ( roimh ús de €11,233) atá níos mó na mar a bhiomar ag siul leis. Tháinigh islu suntasach in ollbhrabús an Chomharchumainn le linn na blaina ach tháinigh islú dá réir sa chaiteachas agus tá moladh ar leith ag dul don foireann a bhí chomh ciondálach sin. Ag tosach na bliaina deanadh buigéid amach de réir an maoiniú a bhí ar fail agus cuireadh ciorraithe pá i bhfeidhm agus ghlach Séamus buiochas ó chroí leis an foireann ar fad a ghlach leis na ciorraithe seo agus atá ag obair le chéile mar foireann chun na deachrachtaá éagsula atá ann faoi láthair a shárú. Tá sé i gceist cóip den bhunreacht agus cóip des na cuntais a chur ar lch Idirlín an Chomharchumainn go luath agus bhí an chruinniu an sása leis seo.
Oíche Shamhna
Reachtálach coisír thraidisiunta Oíche Shamhna sa Chlub ag 6.30 pm agus bhí tinreamh maith de phucaí, foghlaithe, síoga, agus daoine aite eile maraon le roinnt de gnáth muintir na háite. Bhí an bord leagtha go fial le sólaistí den uile short agus taréis craic agus spóirt agus radharc ar chúpla tine solais ghluais na buiuonta éagsula mór thimpeall an Oileáin ag cnuasacht cnóanna agus milseáin. Bhí sé go déanach san Oíche nuair a shrois na púcaí óga an bhaile agus bhí codhladh sámh acu go léir agus na málaí milseáin lena hais acu.
Bróisiúr dos na hOileáin
Tá maoiniú €10,000 faighte trí Fáilte Ireland bróisiúir dos na hOileáin a dhearadh agus a scaipeadh agus tá gá le fógraíocht de €5,000 a dhíol chun comh mhaoiniú a sholáthar don tionscnamh. Tá sonraí seolta tríd an bpost go dtí na gnóanna éagsúla turasóireachta san Oileán. Deis an mhaith é seo an tOileán a choiméad i mbéal an phobal agus na cuairteoirí ach go háiurithe de bhrí go bhfuil sé beartaithe 50,000 cóip denj bhróisiuir a scaipeadh trí ghreasán ostáin agus láithreachta turasóireachta i gCorcaigh agus Ciarraí. Tá gach eolas le fail ó Séamus ag seamusabu@hotmail.com.
An tAire Pat Carey i mBeanntraí
Bhí toscaireacht ón Oileáni láthair ar an Aoine 29.10.10 i mBeanntraí nuair an sheol an tAire Pat Carey an straitéis nua dos na hOileáin i gCo Chorcaí. Toradh roinnt bhlainta oibre ag an Coiste Idir Oileánda an tuairisc seo.
Comhbhrón
Le Kevin Mac Anna agus an clann ar fad ar bhás Mary, máthair Kevin le deanaí. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Cúrsa Gaeilge do Ábhar Oidí
Comhghairdeacas agus buíochas le Dorothee Uí Cheallaigh agus Eibhlín Uí Lionáin a reachtáil cúrsa Gaeilge do Ábhar Oidí seachtain saoire na Samhna. Seachtar ar fad a d’fhreasta ar an cúrsa seo agus ba léir gur bhaineadart taithneamh agus tairbhe as a tréimhse anseo san Oileán. Tá buiochas ag dúl doibh siúd ar fad a chabhraigh leis an cúrsa seo agus táimíd ag siúl go mbeidh rath ar an obair seo agus go rachaidh na cursaí ó neart go neart.
Ceardlann Scealaiochta
Comhghairdeadhas le Chuck Kruger as éifeacht an cheardlann scealaiochta a reachtaladh le gairid, tá an tábhacht le imeachtaí den tsóirt seo chun daoine a mhealadh go Cléire taobh amuigh den Samhradh agus is mór is fiú iad.