Eadrainn
Nollaig 2010 Eagrán 151
Beannachtaí na hathbhliana oraibh go léir.
Bhí Nollaig mhór mhaith againn i mbliana dá ainneoin na ndroch scéalta ar an nuacht! Rinne coiste an pharóiste sárobair chun an tséipéal a mhaisiú. Bhí atmaisféar álainn ann leis na coinnle, na bláthanna agus an mainséar ina ábhar iontais ag cách. Chuir ceol agus amhránaíocht an chóir go mór leis an liotúirge. Caithfimid ardmholadh agus ár míle buíochas a ghabháil leis an tAth.Ó Chaollaí a tháinig chugainn gan teip in ainneoin na drochaimsire agus na bóithre sleamhna. Spiorad na Nollag beo beathach i measc na nóg, tháinig Daidí na Nollag ar chuairt chuig na leanaí agus de réir dealraimh bhí siad uile an-mhaith ar fad i rith na bliana agus fuair said neart bronntanas. Bhuail an droch aimsir an Oileán go dona i mbliana le siochán agus sneachta ag luí ar an talamh agus iad reoite ina meanglam cruaite. Chuir an droch aimisir anseo agus ar an mórthír isteach go mór ar dhaoine ach ar an lámh eile tháinig daoine i gcabhair ar a chéile chun na deachtachtaí a shárú. Bhí meitheal daoine thíos ar an gcé le tarracóirí agus hi-lux agus 4x4 ag bailiú boscaí agus paisinéirí agus á seachadadh ar fud an oileáin do dhaoine ná raibh ar an gcumas taisteal. Léirigh sé spiorad na Nollag comh céanna le maisiúcháin agus bronntanais.
‘Dreoilín, dreoilín, rí na n-éan,
Is mór é a mhuirín, is beag é féin.’
Is mór é a mhuirín, is beag é féin.’
Bhí an Dreoilín níos fearr ná riamh i mbliana le ceol den scoth. Bhí sé thar barr agus d’ardaigh sé ar gcroíthe an slua gealgháireach, gléasta suas ag canadh agus ag seinnt a fheiscint chugainn arís. Bailíodh, €375 don Cumann Naomh Uinseann de Pól.
Cóisir na Nollag. Bhí cóisir na Nollag ar siúl ar an 11/12/10 sa Chlub. Bhí slua mór ann agus bhaineadar go léir an taitneamh as an ócáid. Míle buíochas le Niall agus foireann An Siopa Beag/Bialann Seán Rua don béile blasta agus do Joe ?? don cheol álainn, do choiste Ghrúpa Gníomhach Lucht Scóir do na duaiseanna a chuir siad ar fáil don crannchur. Bhí an Club maisithe go hálainn don ócáid agus don Nollag, agus chuir sé go mór leis an ócáid. Míle buíochas do Tommy agus choiste an Chlub.
Cuairt Daidí na Nollag Reáchtáladh ócáid álainn taitneamhach do na paistí óga agus na paistí beagán níos sinne ar an Satharn 18ú i gClub Chléire. Deirtear go raibh mála mór ag Daidí na Nollag agus bhí sé ana- flaithiúil.
Gealltanas Pósta
Comhghairdeas le Conchubhair Flór Ó Donnchú agus Aoife. Guímid rath agus sonas orthu.
Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pádraig Ó Ciardha T.D., go bhfuil socrú déanta ag a Roinn an conradh i gcomhar seirbhís farantóireachta Oileán Chléire i gCo. Chorcaí a bhronnadh ar an gcomhlacht Thar Tonn Teo. Beidh an conradh ag teacht i bhfeidhm ar 1 Feabhra 2011 agus beidh sé i bhfeidhm ar feadh ocht mbliana go dtí 31 Eanáir 2019. Is é €2.65m luach iomlán an chonartha.
Is é an bád ‘Island Princess’ a bheidh in úsáid mar phríomh-shoitheach don tseirbhís ó lár mhí an Mhárta 2011 ar aghaidh. Bainfear úsáid as an mbád ‘Tranquility’ idir an dá linn. Tá síneadh míosa curtha leis an gconradh reatha go dtí go dtiocfaidh an conradh nua i bhfeidhm.
Tá an conradh seo bronnta mar thoradh ar phróiseas iomaíoch tairisceana a thionscain an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Agus é ag fógairt bhronnadh an chonartha, dúirt an tAire “Tá mé an-sásta go bhfuil socrú fadtéarmach curtha i bhfeidhm chun seirbhís farantóireachta do mhuintir Oileán Chléire a chinntiú ar feadh na mblianta amach romhainn agus guím gach rath ar an tseirbhís nua.”
Snámh agus Tráth na gCceist – Lá Coille – Ar son Haiti
Deantear comhghairdeachas le Niamh Ní Drisceoil, Diarmuid Ó Céadagáin agus Treasa Ní Céadagáin a chuaigh ag snámh i dTrá Ciarain Lá Coille d’fhonn airgead a bhailiu le haghaidh Haiti. Reachtáladh tráth na gcesit an trathnóna céanna sa Chlub agus bailíodh níos mó ná €300 sa dá iarracht seo, a bhuíochas le gach éinne a chabhraigh in aon slí.
Céad Fáilte go Cléire
Le Tomás Searraigh ó Inis Óirr a bheidh ag mairnéalacht sa Tranquility le linn di bheith ar seirbhís san Oileán.
Bainisteoir Nua
Tá Bainisteoir nua arna earcú don Comharchumann faoi láthair agus guimíd gach rath ar pé a thagann I gcomharbha ar Mhicheál Ó Céadagáin agus guimíd gach rath agus sonas ar Mhichíl ata ar dul ar scor tar éis a saol ar fad a chaitheamh ag saothrú ar son an Oileáin.
Tá cruth brea ar an Halla Glas arís tar éis athchóirithe, díon agus fuinneoga nua, fallaí peintáilte. Tuigtear go bhfuil sé i gceist ag an Pharóiste an foirgneamh a chur ar leas mar ionad storala.
Billeog Nua dos na hOileáin in Iarthair Chorcaí.
Tá billeog eolais nua faoi na hOileáin in Iarthair Chorcaí foilsithe ag Comharchumann Chléire Teo, SIDS agus Grupa Tionscnaimh Oileán Bheara le tacaiocht ó Fáilte Ireland. Glachtar buiochas leis na gnóanna ar fad a rinne páirt mhaoiniu ar an bhfoilseachán seo. Tá sé fior thábhachtach san am atá ann gach ní gur féidir a dheanamh chun an tOileán a chur chun chinn i réimse na turasóireachta.
Cruinniú Cinn Bliana an Chomharchumainn
Tionóladh cruinniú cinn bhliana an Chomharchumainn ar an Aoine, 06ú de Mhí na Samhna, i gColáiste Phobal Chléire. Bhí slua réasúnta mór i láthair agus bhíodar sásta leis an dul chun cinn a rinneadh ar an bplean forbartha atá i bhfeidhm le roinnt blianta anuas..
Seo a leanas an Cóiste a toghadh ag an gcruinniú
Micheál Ó Céadagáin: Bainisteoir an Chomharchumainn
Cathaoirleach: Mairtín Ó Méalóid
Leas Chathaoirleach: Judy McCann.
Rúnaí: Niamh Ní Dhrisceoil.
Cisteoir Seán Ó Drisceoil
Coiste:
Tommy Cadogan, Fachtna Ó Drisceoil agus Catherine Ryan
Fáilte
Cuirimid fáilte roimh Anthony agus Kirsty Affleck agus a clann Megan, Freya, agus Chayenne a tháinig chugainn roimh an Nollaig agus atá ag fanacht i dtigh Bridgie sa Gleann. Guímid gach rath agus sonas orthu.
Gníomhaíochtaí iarnóin sa Chlub. Míle Buíochas do choiste Ghrúpa Gníomhacha Lucht Scor a d’eagair imeachtaí iarnóna Domhnach i rith na Nollag. An chéad Domhnach bhí Bingo an dara ceann bhí Tráth na gCeist ann, an tríú ceann bhí Maisiúcháin na Nollag agus an ceathrú Domhnach bhí ceol agus amhránaíocht agus an crannchur don Ciseán mór Nollag agus duiseanna eile Bhain gach duine idir óg agus aosta an taitneamh as na tráthnóntaí taitneamhacha.
Nóta Ó Shíle Uí Chéadagain.
Ba mhaith le Síle buíochas a ghabháil le gach duine a thug airgead don bailiúchán do thaighde ar Ailse don Ospidéal na Trócaire, Corcaigh roimh an Nollaig. Bailíodh €san iomlán.
Cruinniú Cinn Bliana: Grúpa Ghníomhaíochta Lucht Scor
Tionólfar Cruinniú Cinn Bliana Ghrúpa Ghníomhaíochta Lucht Scor deireadh Mhí Eanair Fáilte roimh gach éinne.
Comhghairdeas le Chuck Kruger ar fhoilsiú a chnuasach úr dánta Island Alchemy. Ba é John Minihan an grianghrafadóir iomráiteach a sheol an cnuasach ar an Deardaoin san Ionad Éalaíona sa Sciobairín. Tá móramh na ndánta bainteach le Cléire no leis an gceantar maguaird. Tá togra eile idir lámha faoi láthair leabhar eile de ghriangrafanna an Oileáin móide píosa scriobhta faoi Oileán le Chuck a fhoilsiú i mbliana. Beidh sé seo á fhoilsiú ag an gComharchumann.
Nóta ón Leabharlann:
Tá dréacht den Tuaraisc um an gComhshaol agus an Ceantar Áitiúil ar fáil sa leabharlann. Féadfar aighneachtaí a dhéanamh maidir leis na doiciméid anonn go dtí an 12 Éanair 2011..
Cartaí Eolais
Tá cártaí eolais le huimhreacha gutháin i gcás práinne ar fáil ó Oifig an Chomharchumainn.
Ranganna agus Imeachtaí Sóisialta don Gheimhreadh gColáiste Phobal Chléire
Cúrsa Potaireachta: Beidh cúrsa potaireachta ar siúl le maoiniú ó Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí. Is í Catherine Ryan a bheidh in a teagascóir. Beidh an cead seisiún ag tosú i lár Mhí Eanáir. Gach eolas ó Catherine ag 028/39195
Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Chéadaoin ar 7.30in ag tosú 13ú Deireadh Fómhair
Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ag a 8.00in Gach eolas ó Rose
Ranganna seite gach oíche Dé Máirt ag 8.00 .Is é Micheál Ó Drisceoil a bheidh ina theagascóir
Taille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche
Más mian leat an halla a chur in airithe d’ócáid / rang nó rochtain a fháil ar an halla déan teagmháil le John Kelly ag 028/39190/083/3997087
Coláiste Phobal Chléire Tá áiteanna ag an Coláiste do scoláirí do chúrsaí Iúil agus Lúnasa,
Cúrsa ullmhúcháin i gcomhair na hArdteistiméireachta, Cúrsaí d’oidí a d’oileadh thar lear (ullmhúchán i gcomhair Scrúdú Cáilíochta na Gaeilge)
Dianchúrsa ullmhúcháin i gcomhair scrúdú béil na hArdteistiméireachta - Gaeilge sa Sciobairín, Sos Lár-Théarma Dé Máirt 22ú Feabhra.