Eadrainn
Éiníní an Fhómhair!
Bhí an áit beo le héiníní le tamall anuas. An 18 de mhí Mheán Fómhair bhí Iolar Mara anseo. Seo iad na héiníní atá á thabhairt isteach sa tír arís agus is léir go bhfuil ag éirí leo más anseo timpeall atá siad le feiscint, tá na héiníní seo á dtógáil i gCiarraí agus i nDún na nGall. Bhí lucht faire na n-éan ar bís faoin méid a bhfaca siad anseo le tamall anuas. Chonacthas ceolaire bhuíphrompach as Méiriceá . Is éan é an ceolaire bhuíphrompach a mhaireann i Meiriceá agus Meicsiceo, caitheann sé an geimhreadh sa Mhuir Chairib agus go hannamh téann sé chomh fada le Sasana agus an Íoslann. Éinín é a thuirling anseo go minic sna blianta a chuaigh thart. Bhí cuilire alabhreac ann leis mar aon le scréachóg reilige, agus scréachán droimrua; an t-éan ba iomráití ab ea an t-eireaball gorm - rua-eiteach. Chonacthas an fabhcún coille leis. Is éan é an fabhcún a chaitheann an geimhreadh san Afraic agus is éan creiche é a mhaireann ar éiníní beaga agus ialtóga chomh maith le ciaróga agus snáthaidí móra.
Ba thuar dóchais é an scréachóg reilige a fheiscint anseo. Tá líon na n-éan seo tithe i léig go mór in Éirinn. Meastar nach bhfuil níos mó ná 130 péire sa tír ar fad. Creidtear gur tháinig an laghdú tubaisteach ar líon na n-éan de thoradh ar dhian-fheirmeoireacht agus cineálacha éagsúla creimiricídí. Tá an Roinn Talmhaíochta I gcomhpháirt le UCC ag obair le chéile chun breis eolais a bhailiú faoi na héin seo agus na gnáthóga is fearr leo.
Tá ard moladh ag dul go dtí Steve agus Mary a chuireann an chuid cúrsaí ar siúl i rith na bliana agus don fáilte mhór a chuireann siad roimh na cuairteoirí agus tá siad lán sásta eolas faoi na héin agus na háiteanna is fearr chun na h-éin a d’fhéiscint a roinnt le aon chuairteoir a thagann tríd an doras chucu. Gan dabht cabhraíonn sé go mór leis an tséasúir turasóireachta a leathnú agus cuireann sé le geilleagar na háite ar bhealach nach ndéanann damaiste don timpeallacht.
Oscailt Oifigiúil: Bhí oscailt oifigiúil don togra grianghrafadóireachta a bhí ar siúl ag paistí Chléire ar an 27ú Mean Fómhair i gColáiste Phobal Chléire . Ba é Eoin Ó Connaill a bhí ina aisitheoir ar an togra. Comhghairdeas leis na grianghrafadóirí óga agus foireann agus coiste Tír na Spraoi.
Ranganna agus Imeachtaí Sóisialta don Gheimhreadh gColáiste Phobal Chléire
Seisiún Cultúrtha trí Gailge : Amhráin, filíocht, Litríocht, agus Béaloideas
Seisiún 6 seachtaine
Táille: Caithfidh na rannpháirte an táille €45.00 a íoc in Oifig an Chomharchumann roimh thosach an chúrsa.
Cúrsa Potaireachta gach eolas Ó Catherine ag 028/39195
Tá an cúrsa potaireachta maoinaithe ag Coiste Ghairm Oideachais Co. Chorcaí
Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Chéadaoin ar 7.30in ag tosú 13ú Deireadh Fómhair
Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ag a 8.00in Gach eolas ó Rose
Ranganna seite gach oíche Dé Luain ag tosú ar an 11 Deireadh Fómhair ag 8.00 .Is é Micheál Ó Drisceoil a bheidh ina theagascóir
Taille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche
Nuacht ó Grupa Gníomhaíochta Lucht Scoir
Bí rannpháirteach in imeachtaí an Domhnaigh sa Chlub
ó 3.30 -5.30in
7ú Samhain, tráth na gceist/ table quiz ‘Christmas special’
21ú Samhain/ maisiúcháin na Nollag/ making Christmas wreath & candle decoration
6ú Nollaig ceol agus tarrac na Nollag /music & Christmas draw
Fáilte roimh chách
Cruinniú Speisialta Ginearalta agus Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn
Reachtálach cruinniu speisilailta ginearalta den Comharchumann ar an Deardaoine 28 Deireadh Fómhair chun cinneadh a dheanamh ar bhunreacht nua molta ag ICOS agus Údaras na Gaeltachta. Bhí tinreamh maith i láthair agus bhi diaspóireacht fuinniuil bríomhar agus tar éis na cainte ar fad bhótáil an chruinniú go soiléir bhun an bhunreacht nua a chur i bhfeidmh gan mhoill.
Cruinniú Chinn Bhliana an Chomharchumainn
Reachtáladh é seo an oíche céanna leis an CSG de réir an bhunreacht nua agus toghadh coiste de seisear, Fachtna Ó Drisceoil, Seán Ó Drisceoil, Tommy Cadogan, Niamh Ní Drisceoil, Catherine Ryan agus Judy Mc Cann. Fanfaidh Mairtín Ó Mealóid mar Runaí gan stádas ball iomlan den Choiste. Tá sé faoin Coiste nua duine amháin eile a ainmniú ag an chéad cruinniu coiste. Thug Micheál Ó Ceadagáin a tuairisc deireanach mar Bhainisteoir an Chomharchumainn agus labhair sé beagán níos faide mar is gnáth ag trácth ar an daichead bliain atá caite aige ag saothrú don Chomharchumann i slite éagsula agus gan thar 10 cruinniú coiste caillte aige sa tréimhse sin ar fad. Nuair a bhí an chainte críochnaithe aige sheas an slua a bhí i láthair chun buladh bois fuinniúil a thabhair dó. De réir na cuntais don bhliain 2009 tá iarmhéid de €20,542 ( roimh ús de €11,233) atá níos mó na mar a bhiomar ag siul leis. Tháinigh islu suntasach in ollbhrabús an Chomharchumainn le linn na blaina ach tháinigh islú dá réir sa chaiteachas agus tá moladh ar leith ag dul don foireann a bhí chomh ciondálach sin. Ag tosach na bliaina deanadh buigéid amach de réir an maoiniú a bhí ar fail agus cuireadh ciorraithe pá i bhfeidhm agus ghlach Séamus buiochas ó chroí leis an foireann ar fad a ghlach leis na ciorraithe seo agus atá ag obair le chéile mar foireann chun na deachrachtaá éagsula atá ann faoi láthair a shárú. Tá sé i gceist cóip den bhunreacht agus cóip des na cuntais a chur ar lch Idirlín an Chomharchumainn go luath agus bhí an chruinniu an sása leis seo.
Oíche Shamhna
Reachtálach coisír thraidisiunta Oíche Shamhna sa Chlub ag 6.30 pm agus bhí tinreamh maith de phucaí, foghlaithe, síoga, agus daoine aite eile maraon le roinnt de gnáth muintir na háite. Bhí an bord leagtha go fial le sólaistí den uile short agus taréis craic agus spóirt agus radharc ar chúpla tine solais ghluais na buiuonta éagsula mór thimpeall an Oileáin ag cnuasacht cnóanna agus milseáin. Bhí sé go déanach san Oíche nuair a shrois na púcaí óga an bhaile agus bhí codhladh sámh acu go léir agus na málaí milseáin lena hais acu.
Bróisiúr dos na hOileáin
Tá maoiniú €10,000 faighte trí Fáilte Ireland bróisiúir dos na hOileáin a dhearadh agus a scaipeadh agus tá gá le fógraíocht de €5,000 a dhíol chun comh mhaoiniú a sholáthar don tionscnamh. Tá sonraí seolta tríd an bpost go dtí na gnóanna éagsúla turasóireachta san Oileán. Deis an mhaith é seo an tOileán a choiméad i mbéal an phobal agus na cuairteoirí ach go háiurithe de bhrí go bhfuil sé beartaithe 50,000 cóip denj bhróisiuir a scaipeadh trí ghreasán ostáin agus láithreachta turasóireachta i gCorcaigh agus Ciarraí. Tá gach eolas le fail ó Séamus ag seamusabu@hotmail.com.
An tAire Pat Carey i mBeanntraí
Bhí toscaireacht ón Oileáni láthair ar an Aoine 29.10.10 i mBeanntraí nuair an sheol an tAire Pat Carey an straitéis nua dos na hOileáin i gCo Chorcaí. Toradh roinnt bhlainta oibre ag an Coiste Idir Oileánda an tuairisc seo.
Comhbhrón
Le Kevin Mac Anna agus an clann ar fad ar bhás Mary, máthair Kevin le deanaí. Ar dheis Dé go raibh a anam.
Cúrsa Gaeilge do Ábhar Oidí
Comhghairdeacas agus buíochas le Dorothee Uí Cheallaigh agus Eibhlín Uí Lionáin a reachtáil cúrsa Gaeilge do Ábhar Oidí seachtain saoire na Samhna. Seachtar ar fad a d’fhreasta ar an cúrsa seo agus ba léir gur bhaineadart taithneamh agus tairbhe as a tréimhse anseo san Oileán. Tá buiochas ag dúl doibh siúd ar fad a chabhraigh leis an cúrsa seo agus táimíd ag siúl go mbeidh rath ar an obair seo agus go rachaidh na cursaí ó neart go neart.
Ceardlann Scealaiochta
Comhghairdeadhas le Chuck Kruger as éifeacht an cheardlann scealaiochta a reachtaladh le gairid, tá an tábhacht le imeachtaí den tsóirt seo chun daoine a mhealadh go Cléire taobh amuigh den Samhradh agus is mór is fiú iad.