Mar 7, 2011

Feabhra 2011 Eagrán 152


Eadrainn


Anois Teacht an Earraigh Beidh an Lá ag dul chun síneadh.


Fáilte is fiche roimh Feidhlim, mac álainn a rugadh d’Áine Ní Ríogáin i rith Mhí Eanáir.
Guímid rath agus sonas orthu.
Bád Nua Comhghairdeas le Duncan Harper ar theacht a bháid nua, an Boy Jamie go Cléire. Gura fada buan a leanfaidh sé!

Comhghairdeas le Fintain Ó Donnchú  a fuair scoláireacht luachmhar agus é i mbun staidéir i gColáiste Náisúnta Mara na hÉireann.

Coiste Monaiteoireachta

Tá iarrtha ag an Roinn Gnóthaí Pobail Comhionnanais agus Gaeltachta go dtoghfar beirt as pobal an oileáin le bheith ar choiste monatóireachta don tseirbhís fharantóireachta. Aon duine go bhfuil suim aige a bheith mar bhall den choiste seo, ba chóir dó a ainm a chur isteach chuig oifig an Comharchumainn roimh 31/03/2011. Cuirfear toghchán ar siúl ansin chun beirt a thoghadh.

The Department of Community Equality and Gaeltacht Affairs have requested that two members of the community be elected to the Ferry Sevice Monitoring Committee. Those interested in serving on this committee can give their name into the Comharchumann office before 31/03/2011. An election will then be organised to select two representatives.

Grúpa Gníomhaíochta Lucht Scoir. Bíonn an grúpa an-ghníomhach i rith na bliana ó thaobh gníomhaíochtaí ealaíne agus ceirde de, Aoíchainteoirí, Turasanna  bliantúla, Dinnéar in aghaidh na coicíse, Cúrsaí Garchabhrach agus Sláinte, Bingo anois is arís ar an Domhnach, agus Cóisir Nollag srl. Toghadh an coiste seo a leanas ag an gcruinniú cinn bliana:

Cathaoirleach:    Eibhlín Uí Lionáin

Rúnaí:                 Nell Kruger

Cisteoir:             Debbie Stone

Na baill eile: Nora Uí Shíocháin, Síle Uí Chéadagáin, Sinéad Fenlon. Jim agus Marie Ó Neill
Oibrí Tacaíochta: Catherine Ryan


Clár Iompair Tuaithe / Clár Forbartha Náisiúnta/ Bus Chléire

Má bhíonn fonn siopadóireachta nó taistil ort tá seirbhís an–áisiúil á reáchtáil ag an gClár Iompair Tuaithe. Féadfaidh tú bus a fháil ó Dhún na Séad go dtí an Sciobairín ar an gCéadaoin ag 10rn . Tá an tseirbhís seo thar a bheith áisiúil agus níl costas ard uirthi. Tá €4.00 ar thuras singil ach tá sé saor do shealbhóirí pas saorthaistil.
As seo amach beidh an bus ag freastal ar Bheanntraí ar an gcéad Aoine de gach mí. Fágfaidh sé Dún na Séad ag a 10.00rn agus fillfidh sé in am do bhád 5.30in.
Tá fáilte roimh chách úsáid a bhaint as an tseirbhís seo.
Táille: €6.00 ar thuras fillte agus €4.00 ar thuras singil €4.00
Má tá aon cheist agat cuir glaoch ar an uimhir seo 086/3836759.


Cúrsaí agus ranganna: Cúrsa Potaireachta: Beidh cúrsa potaireachta ar siúl le maoiniú ó Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí.  Gach eolas ó Catherine ag 028/39195
Badmantan: Bíonn seisiún badmantain ar siúl gach oíche Dé Céadaoin ar 7.30in  Táille: €2.00 an duine in aghaidh na hoíche.  
Ranganna seite gach oíche Dé Luain ag 8.00. Is é Micheál Ó Drisceoil atá ina theagascóir. Táille: €4.00 an duine in aghaidh na hoíche 
Nóta Ó Rose
Yoga gach oíche Dé Luain agus Déardaoin ag tosú ar a 8.00in
Seisiúin Pilates, reifléacseolaíochta agus suaimhnis ar fáil do gach leibhéal. Fáilte roimh chách.
Teagasc príobháideach ar fáil  
Gach eolas ó Rose on 089 412 9556.

Ceol agus amhránaíocht le Fiachra Ó Torna agus Róisín Uí Thorna, arna maoiniú ag Údaras na Gaeltachta agus Ealaín na Gaeltachta. Gach eolas ó Róisín ag 086/6047989 nó ó Fhiachra ag 087/2581529
Más mian leat an halla a chur in airithe d’ócáid / rang nó rochtain a fháil ar an halla déan teagmháil le John Kelly ag 028/39190/083/3997087

Grúpa na gcrann

Tá buíochas tuillte acu siúd ar fad a ghlac páirt sa mheitheal ar Dé Sathairn 26 Feabhra chun níos mó crainn a phlandáil i limistéir Na gCnoicíní. Tá an obair ullmhúcháin déanta ag John Kelly thar an Geimhreadh le haghaidh na gcrann agus tá cosáin nua á ndéanamh. Is léir go bhfuil áis nua á forbairt anseo do phobal an Oileáin agus do chuairteoirí.

An Bád Farantóireachta Nua

Tá sé beartaithe an bád farantóireachta buan nua, an Dún an Óir II a aistriú ó dheas an tseachtain dár críoch Dé hAoine 11 Márta. Má théann gach rud dé réir plean beidh sí linn an tráthnóna sin ach d’fhéadadh sé a bheith cúpla lá roimhe sin nó ina dhiaidh sin ag brath ar aimsir.
Roghnaíodh an ainm nua mar thagairt don dún cáiliúil i gCléire, go raibh bád a bhí sa tseirbhís farantóireachta roimhe seo ainmnithe dá réir. Ina theannta sin atá ‘Óir’ ag teacht le hainm an bháid eile atá sa tseirbhís seo, an Cailín Óir.

Bainisteoir Nua

Cuirtear fáilte roimh an Bhainisteoir nua, Máirtín Ó Méalóid agus fágtar slán le Micheál Ó Céadagáin atá tar éis seirbhís dhílis a thabhairt don Oileán agus don gComharchumann le linn a shaoil ar fad go dtí seo. Níl trácht ar an dua a chaith Micheál le hobair an Chomharchumainn le blianta fada agus rinne sé a sheacht ndícheall i gcónaí chun leas an phobail a chur chun chinn. Is mó gradam atá bainte amach aige agus iad ar fad tuillte go maith aige. Gan dabht ní fada  uainn an lá go mbeimid ar brath ar chabhair agus ar chomhairle uaidh sna blianta atá romhainn amach.

Leabharlann

Mar an gcéanna beimid ag fágáil slán le Síle Uí Cheadagáin ón Leabharlann go luath agus braithfimid uainn go mór í. Ón lá gur ghlac sí an post seo ní raibh aon leisce uirthi gach deis a thapadh chun an leabharlann a chur chun cinn, seirbhís níos fear a sholáthar i ngach réimse, a bheith cruthaitheach agus dúthrachtach faoi fhreastal ar riachtanais pobal na leabharlainne agus a bheith foighneach agus cneasta le paistí an Oileáin a bhaineann tairbhe agus sult as an tseirbhís iontach seo. Guimíd gach rath agus sonas uirthi san blianta atá roimpi.
Club Cléire
Tá Seán agus Pádraig Ó Drisceoil go dícheallach ag obair le tamall anuas chun athmhaisiú iomlán a dhéanamh ar na leithrisí sa Chlub. A bhuíochas le Sally coimeádadh riocht maith orthu an samhradh seo caite agus beimid ag iarraidh an caighdeán ard céanna a bhaint amach sa bhliain atá romhainn amach.
Tuairsc ón Bhainisteoir
Tá mé ag socrú isteach i mo phost nua mar Bhainisteoir. Tuigim gur freagracht mhór í a bheith ag bainistiú an Chomharchumainn ar son an phobail agus déanfaidh mé mo dhícheall Cléire a fhorbairt agus leibhéal na seirbhísí a chuirtear ar fáil a choimeád i bhfianaise na gciorraithe ar mhaoiniú agus ar chaiteachas.
Guím gach rath ar Mhicheál Ó Céadagáin a bhfuil obair as an ghnáth déanta aige ar son an Oileáin. Tá Micheál aitheanta amuigh san saol mór mar dhuine a bhfuil sárobair déanta aige ar mhaithe le stádas na n-Oileán agus pobal na Gaeltachta. Go n-éirí le Micheál agus Síle sna todhchaí, bainfidh muid oíche astu go luath!
D’fhreastal mé ar chruinniú sa Ghaillimh le déanaí a d’eagair CONCOS. Bhí plé suntasach ar thodhchaí na gColáistí Samhraidh. Thug mé le fios an tábhacht a bhaineann leis an dá Choláiste i gCléire do saol agus eacnamaíocht an oileáin. D’aontaigh an cruinniú go gcuirfí toscaireacht chuig an rialtas nua-thofa chun cás láidir a dhéanamh ar son na Gaeilge.
Beidh lá oscailte ag an gComharchumann i mí Aibreán chun seans a thabhairt don bpobal tuiscint níos fearr a fháil ar an tslí ina bhfeidhmíonn rudaí ó lá go lá. Fógrófar é seo nuair atá na socraithe cuí déanta.
Reáchtáilfear cruinniú poiblí chun ábhair éagsúla a phlé, tabharfar seans don bpobal tuairimí a nochtadh ar thodhchaí an Oileáin. Déanfar plé ar thodhchaí na Gaeilge i gCléire i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliana atá foilsithe. Tabharfar cuireadh d’fheidhmeannaigh ó Údarás na Gaeltachta a bheith i láthair.

Jan 16, 2011


 The Eadrainn in Irish follows this explanation of why we have made it available on-line:

Cape Clear December 2010  -  A rare snowy scene.


Cape Clear is a Gaeltacht (Irish Speaking) area and we are rightly proud of this but, from an holistic standpoint, we have long recognised that we need to do more to ensure our outpourings are as inclusive as we can make them, and perhaps, go a little way towards helping the less fluent Irish speaker among us gain an improved understanding of our beautiful language.  Some members of our community are not fluent enough to enjoy the Eadrainn in its entirety; this blog has been created to help them through their learning curve but we hope too that it will be enjoyed by the whole of our community.





We also know that neighbour will continue to help neighbour with the occasional ad hoc session where the Eadrainn can be read with the aim of gaining further improvement in language skills.

The thing to note is that the ability to improve has to lie with the student rather than the 'teacher' ...if the desire is there the achievement will surely follow!

Check out our useful  links for some excellent language courses on Cape Clear.

Final note: If you do choose to use Google it will try to translate this preamble into English but as it is already in English the result is entertaining.